Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Léighiseannaí :- i Leitir ‘Ic an BháirdNuair a bhíos an bhó caithte, sé an leigheas í a thomhas.
Nuair a bhíos múin folach ar an bhó doighthear rideogach diotha.
Má ghearrann tú do mhear agus giota de thobac a chuir air tiocfhaidh biseach air.
Má bhíonn faithne ort, agus preata a chuir i gclaidhe go mbéidh sé lobhtha imtheóchaidh sé duith.
Dá mbéadh cos nimhneach agat agus an madadh é a lighe imtheochaidh an phian aistí.
Má dhoigheann tú do mhéar agus uachtar bainne a chuir air tiocfhaidh biseach air.
Ma sgriobann an cat tú agus tú cuiud dé’n fhionnadh a chuir air tiocfaidh biseach ort.
Ma bhíonn do shúil nimhneach agus tú ruball chait dhuibh a chuir uirthí, tiocfaidh biseach uirthí.
Dá mbéadh do chos leonta agus duine éigin snáithe leónta a dheánamh duit, gheobhaidh tú biseach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chailín
- Inscne
- Baineann