Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac thig leobhtha an chait bhraghaidh a leas.
Dá mbéadh lámh nimhneach agat agus giota de’n rud a ghéarr tú é leis a chuir thart air gheobhaidh sé biseach.
Má bhíonn do shuil nimhneach agus tú ruball cat dubh a chur uirthí tiocfaidh biseach uirthí.
Tá aoil an maith má bhíonn gearradh ort.
Tá eadach fliuch iongantach maith má bhíonn tinneas cinn ort.
Má bhíonn do shúil nimhneach agus ruball a chait dhuibh a chuir isteach in do shúil gheobhaidh sé biseach.
Má bhíonn an déideadh ort agus aibhleóg bheag a chur leis agus do bheál lán do uisge fuar gheobhaidh sé biseach.
Nuair a bhíos builg ar gamháin deirtear gur chóir an ghamháin a bhuaileadh trí h-uaire le do scirte.
Tá an bhainne a bhíos ag asal iongantach maith fá choinne an truich- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chailín
- Inscne
- Baineann