Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar deireadh:- bo.
Cailleach ar choill sár dhá gcluin, puisín iarainn agus fiacla cruinn:- Tuag.
Siud sa chluaid é agus dhá chéad súil air:- Cliath.
Tubán beag amuigh annsin agus é lán de clocha milearí:- Cáirdaí Cardalacha.
Bean bheag amuigh annseo agus í go Franncach cota beag buff uirthí, bear ad agus plancéid:- Beachóg.
Molt ar sliabh gan asna:- Sillide.
Gearfaidh fhranncach shiubhal na spainnceach agus é ag damhsa ar leath-chois:- Gas raithne.
Bíonn sé thall agus bíonn sé i bhfos, bíonn sé i gConnacht ar a gcros, bíonn sé an leacht liabh na dtonn agus bíonn sé ag [Brian]? ar a chuid:- Salainn.
An rud na bainis duit na bain do:- Culfaidh.
Toit ar sliabh gan teine:- Ceo.
Cáide atá lán agus thig leat é a líonadh arís? :- Pota preataí.
Chuaidh triúr clann Conaill Craobhach amach a bhaint caonach maidin cheo. An méid a bhain siad chaith siad uatha é agus an méid nár bhain bhí sé leó:- Fear ag baint an fhéasóg dó fhein.(leanann ar an chéad leathanach eile)