Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo an dóigh a gcuirtear isteach Oidhche Shamhna i Leitir Mhic a’ Bháird.
Bíonn feasta mór ubhlaí agus cnoannaí ag ach aon duine thart fá seo. Bíonn arán milis acu agus deanann cuid de na daoine “Boxty” agus “bruitín”.
Bíonn na daoine óga uilig amuigh ag caitheamh cáil ar na doirse, agus fosta caitheann siad meacáin raibe. Bíonn cuid de na daoine ar mire nuair a bhuaileann duine ar bith an doras, agus annsin bíonn siad amuigh rith na h-oidhche ag coimhead.
1. Bíonn mórán cleasannaí ag na daoine; cuirtear dhá chnó sa teine, lostar ceann acu agus má losann an ceann eile leis féin bheidh an lanamhain sin posta roimh choicthigheas . Caithfear ainmneacha a chuir ar na cnoannaí sul a gcuirtear sa teine iad.
2. Cuirtear ubhlaí í dtuban uisge agus an té a gheobhas greim ar le na bhéal biodh sé acu.
3. Crochann cuid de na daoine ubhla o’n chupla agus dheánann siaid an rud ceadhna.
4. Cuirtear ceartlín cáil os cionn an dorais agus an chéad fear a rachas isteach sin an t-ainm a bheadh ar an fhear a bheadh posta do an chailín is óige sa teach sin.
Brighid Ní Chailín a scríobh.- Bailitheoir
- Brighid Ní Cailín
- Inscne
- Baineann