Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aontaighe :-
Aonach - Bhaile - na - Carraige :-
Bíonn aonach i mbaile-na-Carraige ar an ficheadh lá de gach mí. Ní baile mór atá ann acht cros bhealach agus tá dhá theach taibhirne agus siopa ann. Bhí cupla theach tsiopaí ann i bhfad o shoin.
Tá ponc an eallaigh ar chul Teach Taibhirne agus tá “Yard” ar chul gach teach Taibhirne. Bíonn na caoirigh comhgarach do Teach Taibhirne amháin no sé is comhgaraigh do’n bhealach a dtig muinntir na sléibhte.
Sul a rinneadh an droichead dearg thiocfhadh na daoine uilig. bealach Bhaile-na-Carraige, no bhí aithghiorra uaidh go dtí na Gleanntaí agus Clochan Liath. Nuair a bhíodh an fhairrge tráighte, bhíodh fearsaid ag dul treasna ar an abhainn ag Baile-na-Carraige. Bí morán badaí ag an chládach agus bhíodh an mhuinntir óga ag seoladh daoine anonn agus (ano) anall ar an fhairrge.
Fad o shoin bhí fear ar an taobh eile de’n abhainn darbh ainm “Neilín Mór” agus bhí Teach Taibhirne aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann