Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaith sé cúig bliadna déag sa Geármáin agus níor chuir sé cunntas ar bith ‘n-a bhaile ar feadh an ama a bhí sé ar shiubhal.
Lá amháin smaointigh sé go mbainfeadh sé an baile amach agus sul ar fhág sé an Gheármáin Cheannuigh sé scáth-fearthanna agus ní raibh siad coitcheanta i san am sin. Tháinic sé i dtír a mBéal Feirsde arais agus shiubhal leis ag tarraingt ar an bhaile.
Nuair a tháinic sé fad leis an scoil d’aithin sé í, agus smaointigh sé ar na laethe aoibhneacha, laethe a óige, a chaith sé fhéin agus inghean an duine uasail ag comrádaidheacht ‘n-a scoile. Gaibh (casadh) triúr ban air agus dubhairt bean aca go raibh sé cosamhail le stráinsear.
“Stráinsear mór go leor”, ar’ seisean, ná tá sé ocht mbliadna déag ó bhí mé an bealach seo a roimhe. Tá mé ag tarraingt ar a leithid seo de teach má tá a’n dhuine romham”.
“Tá” ar’ sise, “tá an garrandóir agus a bhean ag congbhailt loisteóiri mar bá ghnáthach. Tá muid-ne ag tarraingt ‘n-a dála mar tá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall