Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 31
- XML “Teann, Teann a Ribe”
- XML “An Gasúr agus an Sagart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dearbhrathair go rabh an bhainfhéis thart. Chunntas sí trí chéad punnta dó agus d'iarr sí air a ghabhail na bhaile chuig a athair agus a mháthair. Chuaidh sé na bhaile go bun Sléibhe Sneachta. D'fhán sé ag a athair agus ag a mháthair ó'n lá sin go dtí an lá indiu.Sorcha Ni Grianna (Conall)
Aois 67 bliadhain
Rann na Feirsde - Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí gasúr acu. Albanaigh a bhí ionnta. Domhnach amháin chonnaic an gasúr scaifte gasúr ag gabhail 'un aifrinn agus lean sé iad. Nuair a chuaidh siad isteach bhí an sagart ag seanmóireacht agus dubhairt sé duine ar bith a rachadh 'un aifrinn go rabh casán aimhréidhteach na bhflaithis aige ach duine ar bith nach rachadh 'un aifrinn go rabh casán réidhtigh go h-Ifrionn aige. D'imthigh an gasúr leis annsin. Casadh tobar do agus léim sé isteach ann. Casadh tom aitinne do agus léim sé isteach annsin fosta. Shíl sé go rabh sé ag gabhail na bhflaithis. Sa deireadh chonnaic sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air comh tiugh géar gasta dó thiocfadh leis. Bhuail sé ar an doras agus thainic bean seirbhise amach. D'fhiafruigh sí de cá rabh sé ag gabhail. Dbhairt an gasúr go rabh sé ag gabhail na bhfalithis. "Cóirigh..."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Eamonn (Donncadh) Ó Gallchobhair
- Ainmneacha eile
- Eamonn (Donncadh) Ó Gallchobhair (ainm áitiúil)
- Eamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall