Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 146
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí fear ann a’n uair amháin ar b’ainm dó Eamon ‘Ach Fionngaile as an Bheartaigh Machtaraigh. Bhí sean chapall beag bán aige. Lá amháin bhí tórramh thoir i nGort An Choirce. Cuir sé an capall ar téad amuigh san pháirc agus d’imthigh sé soir ‘un an Tórraimh. Chuaidh sé ar [meisge]? an oidhche sin agus luigh sé thoir go maidín.
Bhí sé ag plúchadh shneachta an oidhche sin agus bhí an capall ar téad amuigh sa pháirc rith na h-oidhche. Nuair a thainig sé anoir ar maidín bhí an capall marbh. Thug sé amach casúr agus sgian agus bhain sé na cruicheacha agus an croiceann [dí]? Chuaidh sé go dtí an gabha agus diarr sé air claidheamh a dhéanamh dó, agus rinne an gabha mar d’iarr sé air.
Nuair a bhí an claidheamh deánta d’imthigh sé amach soir go Gort An Choirce arís agus bhí daoiní ag geárradh [leám]? árd annsin. Léim fear aca agus thuith sé amach san díg. Léim Éamon síos na mhullach agus marbh sé é. lean an chuid eile é giota agus chuaidh sé amach soir giota eile. Bhí daoiní annsin ag cátamh cloch urchair Caith Éamon cloch. Bhí sean-dhuine ag urnaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- E. Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Éadaigh
- Seoladh
- An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall