Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ball Dearg Ó DomhnaillAon uair amháin, lean na Sasanaigh an Dálach amach i mbéal na dtonn, agus nuair a bhí an srúth ag tógail a chapaill ar an t-snáimh, cuireadh buille claidhmhe fríd an chapall. Acht réidhtigh an Dalach é fhéin agus snáimh sé amach go long Spáinneach a bhí ar na cóstaibh ag díol fíona. D'ionnsuigh na Sasanaigh an Caisleán agus nuair a d'éaluigh an méid nar cuireadh 'un báis, tháinig an Taosach agus an captaon ar leanbh ins an (chaisleán) chliabhán. Bhí ball dearg ar ucht an pháiste seo. Nuair a tharraing an captaoin a chlaidheamh le na mharbhughadh, rinne an páiste gáire faoi lonnradh an chlaidhmhe, agus gach uair a dtarnóchadh sé an claidheamh, ghníomh an tachran gáire ar nós is nach leigfeadh a chroidhe do'n t-saighdiúr seo é a chuir 'un báis. "Ní thig liom a dheánamh, arsa seisean, even though, go mairbhfidh me fhéin ar tús." Le sin féin, rinne an taosach a chlaidheamh a tharraingt, acht d'éirigh an cleas ceadna dó-san. Rud ná dtig liom féin a dheánamh, ní iarrfaidh mé ar aon dhuine eile a dheánamh," arsa seisean, "fanadh an leanbh beo, acht dheánfaidh muid searbhonta maith de Sheasain do. Glacfaidh mé seilbh ar an chaisleán seo. Tá bean(leanann ar an chéad leathanach eile)