Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’innis an fear a ba [sinoe]? fá na ngreann is a gcomhrádh agus mar go rabh sium mhór ‘a chuir ag an t-oifeagach agus a bhean caidé mar thiocfadh an duine b’óige ar agaidh, d’iarr siad ar chead mhac, an dara uair a bhéadh siad amuigh, cuir cruaidh air le freaghar a thabhairt, caide b’ail leis ós coinne ‘acha’n result ‘san spéir. Agus nuair a tharluigh siad amuigh airís, ‘sé an freaghar a thug an ceathramhadh páiste, “Mo thruagh gan saighdúir faoí arm is éididh agam-sa ós coinne ‘acha’n result ‘san spéir”. Níor thaithnigh sin leis (na) an t-sean - phéire agus dubhairt an bhean le na céile go rabh eagla uirthí go rabh siad ag tógail písín pluicíneach (Owen og’s words). “Cuir ‘un báis é agus bí réidh leis, arsa sise. “Má chrochann muid é, sílfidh an trúir eile gur chroch muid a ndeárbhráthair”. “Má (mhar) bháitheann muid é, sílfidh siad mar an gceádna”.
“Acht innseochaidh me duit caidé dheánfaidh muid. Tá deárbhráthair agan-sa go h-árd i mBaile-Átha-Cliath. Cuirfidh mé an buachaill annsair agus litir leis le ‘na chuir ‘un báis. Agus nuair a fhiafrochas ar mic fhéin, cá bhfuil a ndeárbhráthair, deirfidh muid go bhfuil sé ag foghluim saigdúiracht ag a uncal i mBaile-Átha-Cliath”.(leanann ar an chéad leathanach eile)