Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 242
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i bhfad istigh i gclaidhe sin comhartha go mbéidh droch gheimreadh ann.
Ma bhíonn bladhaire gorm ar an teine sin comhartha stuirm. Ma bhíonn bearrad ceoigh ar na cnuic sin comhartha fearthanna.
Ma amharcann na cnuic i dheas duit sin comhartha droch aimsire agus ma amharcann siad i bhfad ar shiubhal sin comhartha aimsire maithe.
Ma bhíonn trup mór ag an fhairrge sin comhartha stuirm.
Ma bhíonn cuid mhór suithche ag tuitim sin comhartha fearthanna.
Ma chraitheann an bhó í féin sin comhartha stuirm.
Ma bhíonn cuir mhór mialltóg ann trathnóna samhraidh sin comhartha aimsire maithe
Ma bhíonn an toit ag dul suas díreach sin comhartha cúineadais.
Ma théid na cearca ar fasgadh la' fliuch tiormochaidh sé arís agus ma fhluichann siad iad féin sin comhartha nach dtiormuigheann sé an lá sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall