Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 278
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá mé i mo shuí . . .”
Tá mé ‘mo shuidhe ó d’éirigh Gealach aréir,
‘Cur teineadh síos arís ‘sa fadadh go geár,
Tá bunadh an toighe ‘na luighe is mise liom fhéin
Na coiligh ag glaoidh ‘san saoghal ‘na gcodhladh acht mé,
Is fada iad a rádh gur gheár an galar an grádh
Ní chreid mé ariamh é go raibh sé indhiaidh mo chroidhe istigh chradhadh.
Doctúirí an t-saoghail agus bídh siad agam le fághail,
Gur idir a dá cích bhí mo chroidhe ‘na chodhladh go sáimh.
Rachaidh mé i márach a dhéanamh lainne fa’n choill,
Gan coite, gan bád, gan adhbhar brat a bheith liom
Mar éideadh leaptha os ár gcionn,
Duilleabhar na gcrann a dhéanfadh fosgadh dúinn ann.
Buachaill ‘ón Éirne mé a bhréagfadh an cailín deas óg,
Ní iarrfainn bó spré ort acht tá mé fhéin saidhbhir go [leor]?
Ma chaill mé mo stór
Ní dóigh gur chaill mé mo chiall,
‘Sní maith liom do phóg no an bhróg raibh ar caitheamh bliadhain.
Buachailleacht bó mo leor,
Ní chleacht mé ariiamh é
Acht ag imirt ‘s ag ól
Le h-óig mhná deasa fa shliabh,
‘S liom Corcaigh da mhéid dhá thaobh an ghleanna is Tír [Eoghain]?
‘S ma athruigh mé beásaí ‘sliom Éire ‘gus Conndae Mhuigheo
Sa chailínín bháin ní adhbhar magaidh dhuit é,
Níl agat le rádh liom a bhrígh do go bhfuil mé gan spré.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82