Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 283
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalBí fear naomhtha annseo fad ó a raibh Donnchadh Mór air. Ag Samhain i gcomhnaidhe dheánfadh sé suas beatha na bliadhna. Bhí sé bliadhain agus bhí sé tráth amháin goirid. Dubhairt sé an oidhche seo le lucht an toighe go gcaithfeadh siad dul a luighe gan suipeár. Tháinig an neach amuigh i gcúl an dorais agus arsa seisean “A Dhonnchaidh Mhóir an Chroidhe Bhig caith a’ gath is duse dhuit”. Thug Donnchadh ortha an suipeár a dhéanamh agus a chaitheamh, agus bliadhain ó’n am sin ní raibh sé thráth ar bith goirid.
- Scéal eile.Bhí saghart san pharroiste seo san tsean am. Chuaidh an pobal in (an) a éadan agus cuireadh ar shiubhal é. Chuaidh fear amháin darbh ainm do Mac Aodha níos doimhne ann no an chuid eile le linn an no t-saghairt imtheacht thoisigh Mac Aodha ‘gha chlaoidh ‘sa chaitheamh. Tháinig saghart eile na h-áite. Chuaidh an fear chuige agus(leanann ar an chéad leathanach eile)