Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 294
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireadh (go dtí) go dtáinig siad a fhad leis an ór. Thóg siad amach an t-ór Rinn siad dearmad de mhálaí a bheith leo. Phill an gasúr agus ní raibh i [?] go raibh sé ar ais agus na malaí leis. Acht ag pilleadh do bhí a athair marbh agus an t-ór goidthe. Phill sé na bhaile agus é buadhartha.
Bliadhain ó’n oidhche sin bhí sé shíos ag an fhairrge fa choinne eisg a d’fág sé na dhiaidh an oidhche roimh sin. Nuair a bhí sé shíos chonnaic sé currach ag seóladh ó Aráinn mór go tír mór. Chuaidh sé i bhfollach idir dhá chloich mhóir go dtí go dtáinig an currach isteach. Tháinig beirt fhear [amach]? as agus dhá comhra leo agus iad ag radh gur é bliadhain ó’n oidhche sin a mharbhuigh siad Seámus Ó Fríghill agus [ghoid]? siad an t-ór. D’imthigh siad annsin agus chuir siad an t-ór isteach i bpoll agus d’imthigh siad leo.
Nuair a mheas an gasúr iad a bheith giota maith ar shiubhal tháinig sé go dtí an poll ann a raibh an t-ór agus thug sé leis na bhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Corráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall