Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 295
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a mhusgal an mháthair fuair sí a mac na suidhe agus an t-ór aige. Bhí lúthgháir mór ortha agus bhí siad saidhbhir go bfuair siad bás.
- Sgéal.Bhí beirt fhear ag dul thart sa cheanntar seo fad ó shoin. “Half Sirs” a thugtaoi ortha. Bhí siad bearrtha sa teanga agus sotalach chomh maith. Go bhFoiridh an Rí ar an (tae) (n) té nach dtabharfadh biadh daobhtha.
Tháinic siad isteach chuig mnaoi thoir i bFánaid uair amháin agus bhí pota bracháin réidh aicí fa na gcoinne. Thug sí daobhtha fearg te é agus arsa fear aca,-
“Brachán réidh é ‘smairg nár théidh é.
An mar sin a d’ól sibh fhéin é?”
Chuaidh siad isteach i dteach eile agus bhí caora dhubh réidh fa na gcoinne. Arsa fear acú ‘san teach seo-
“Is mairg nach mbíonn [aite]? ciall agus nach gconghbhuigheann srian le na ghuth anois ó tháinic a’ fiall ‘smaith an biadh an chaora dhubh”.
I dteach eile a dteachaidh siad isteach ann nuair a bhí a gcuid ithte aca, dubhairt fear aca,
“Tobac indhiaidh bídh ar mhnaoi an toighe sin”
Sé an freagra a thug bean an toighe ortha,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Aois
- 1397225
- Faisnéiseoir
- Mhairghread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall