Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 029
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí lanamhain 'na gcomnuidhe thoir i nBan-Na-Leaca fado shoin a raibh mac amháin aca. Nuair abhí sé ocht mbliana déag d'imthigh le leis go h-Albain.”
Bhí lanamhoinn 'na gconuidhe thoir i mBun-Na-Leaca fado shoin a raibh mac amháin aca. Nuair abhí sé ocht mbliana déag d'imthigh se leis go h-Albain.
Thainig an Nodlaig agus dar leis go raibh sé beag go leór aige bronntanas a chur ag a mhuinntir. Chuaidh sé amach agus cheannuigh sé clog dheas agus chur chuca é.
Iontas mór abhí sa chlog ag muinntir Bhun-Na-Leaca no ní fhaca siad a leithead ariamh aroimhe agus chruinneochadh siad uilig isteach achan oidhche le go n-éisteochadh siad leis an "tic, tic".
Clog ocht lá abhí inntí agus igcionn na n-ocht lá stad sí. Shíl na daoini uilig gur comhartha seó go raibh rud eighinteacht cearr leis an stócach in Albann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall