Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 034
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann uair amháin ar bh'ainm do Mághnus Bán, bhí sé ceithre sgór go leith blianta 7 é chomh díreach le feag 7 chomh gasta le geallamháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Shiúl sé leis go raibh neón beag agus deireadh an lae ann ach níor casadh aon dhuine air a bhí ní ba shine ná é féin. Sa deireadh nuair a bhí sé ar an t-séol chasta agus é dul a philleadh na bhaile chuala sé glór chaointe. D-amharc sé thart agus chonaic sé fear na shuí cois claidhe agus é ag caoineadh. Chuaigh Maghnus fhad leis agus dúirt sé 'An misde domh ceist a chur ort cén aois tú? agus goidé fáth do chaointe?' 'Maise ní misde' arsa an fhear, 'Tá mé trí scór bliain agus tá mé ag caoineadh siocar gur bhuail m'áthair mé'. 'Agus' arsa Maghnus go h-iontach 'An bhfui d'athair beo go fóill?, ach an misde domh anois ceist a chur ort cad thuige ar bhuail d-athair tú?' 'Siocar go raibh mé ag caitheamh cloch ar m-athair mór' arsa an fear eile leis. Níor fhan Maghnus le níos mó a chluinstean, ach thus aghaidh ar an bhaile agus bí cinnte nach dearn sé aon lá magaidh ar sean dhaoine na comharsan ó shin amach.- Faisnéiseoir
- Eógan Mac Giolla Bríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Muine Dubh, Co. Dhún na nGall