Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 049
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear 7 bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh 7 crann a bhaint 7 é a thabhairt na bhaile.”
Bhí fear agus bean ann uair amháin a raibh triúr mac aca. Lá amháin d'iarr an t-athair ar an mhac aba shinne dul amach 'na coilleadh agus crann a bhaint agus é a thabhairt na bhaile. Sul ar imthigh sé chuir a mháthair buideal bainne agus bunóg aráin leis. Shiubhal sé leis go nóin agus annsin shuidh sé síos le na lón a ithe. Mhothuigh sé trup beag taobh thall de agus nuair a d'amharc sé thart chonnaic sé fear beag bídeach agus cóta glas air.
"Damh cuid de'n lón?" arsa'n fear beag leis,
"Bog leat as m'amharc, tá sé uilig gann go leór agam fhéin," arsa'n fear eile leis.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc chríochnuigh sé a lón agus d'éirigh sé annsin a ghearradh an chrainn, ach thug(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhuibir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall