Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 081
- XML “Tomhaistaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)C – Caidé an chéad chuid de'n bhó a théigheann isteach ar an doras.
Fr – A h-anal.
--------------------
C – Ball dubh eadar dhá chnoc is dá mbhógfadh an ball dubh, bhogfadh an dá chnoc.
Fr – Asal agus dhá chliabh monadh uirthí.
--------------------
C – Gearrtear iad agus roinntear iad agus na dhiaidh sin ní íosfaidh an dhuine iad.
Fr – Paca cártaí.
--------------------
C – Caidé tá níos sine na an foglaim?
Fr – An ghrian agus an ghealach.
--------------------
C – "Mo shuidhe ar shúgan ag amharc ar na mairbh ag cur an bheó'.
Fr – An luaith ag cogailt na teineadh.
--------------------
C – Goidé an droichead nach dteachaidh tuse treasna ariamh uirthí.
Fr – Droichead do ghaothsan.
--------------------(leanann ar an chéad leathanach eile)