Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 096
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pisreogaí.Bhí fear na chomhnuidhe i gCo Thír-Eoghain am amháin darbh ainm Eoin Mac Aoidh agus cheannaigh sé feirm mór talmhan taobh amuigh de'n sSráth-bán. Feirm saidhbhir abhí inntí ach faraor ní raibh ag éirigh go ro-mhaith le Eoin. Chan fallsacht no spadantacht aba chionntaighe nó fear cruaidh laidir abhí ann a chuirfeadh an síol achan Earrach agus a thabhairfeadh achan freastal díthe, ach na dhiaidh sin as uilig ní fhasfadh a dháth, thar cupla órlach.
Oidhche amháin bhí Eoin na shuidhe cois teinidh agus é a meabhrú leis. Bhí a chroidhe briste ag obair agus gan a dhath ar a shon aige agus bhí beag-uchtach ag teacht air.
Le sin fhéin buaileadh go(leanann ar an chéad leathanach eile)