Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 137
- XML “An Fathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí agus a bhean ann uair amháin agus tríur ingheanach aca. Am amháin da rabh an Rígh ag imtheacht go tír eile le gnoithe agus dúbhairt an bhean is óige aca leis gan a theacht arís go m'bhéadh bronntanas (a thabhairt) leis chuici. Chuir sé ceist uithí caidéa bhí sí a iarraidh. Ba mhaith liom pláta oir arsa sise. Tabhair féirín arais leat chugam-sa fosta arsa an an dara inghean. Caide ba mhaith leat arsa seisean. B'aoibhinn liom pláta airgid arsa sise. Maith go leor arsa an t-athair leo agus bhí sé fanacht go n-iarraidh an inghean is sine rud éigin acht dheamhan iarraidh is bhí iongadh air. Sa deireadh arsa seisean léithe cad chuige go bhfuil tusa do thost agus nach bhfuil tú ag iarraidh a dhath. Nach bhfuil rud ar bith gur mhaith leat go dtabharfainn liom chugat? Níl rud ar bith arsa sise acht ma fheiceann tú rósaí dearga ag fás áit ar bith, faigh cupla ceann aca dom.
D'imigh an t-athair leis. Rinne sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Inscne
- Baineann