Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ibhfad go dtug an diabhal cuairt air agus dubhairt sé leis bheith réidh le theacht leis seacht bliadhna ón lá sin nó nach rabh sábhal ar a anam anois. D'oibrigh an gabha leis in a cheardchan mar bhí ariamh agus shleamhsuigh an t-am thart go rabh na seacht mbliadhna thuas. Tháinig an diabhal fa na choinne, chonnaic an gabha é agus tarraingt ar an teach acht dheamhan lá buaidhreadh chuir sé air. D'fháiltigh sé roimhe agus dubhairt go mbeadh sé leis gan mhoill acht ba mhaith leis go dtabharfadh an diabhal lán chuidigh do mar bhí sé gnoitheach ag déanaimh cruth beathaidhe agus ba mhaith leis dubhairt sé an obair a chríochnú sul a n-imtheochadh sé leis an diabhal, bhí go maith thoisigh an diabhal a chuidheadh leis. Thug an gabha an t-órd mór do acht nuair a thug an diabhal iarracht í fhágailt (?) na dhiaidh ní raibh sé ábálta. Chuaidh sé ar mire ar fud an toighe acht ní rabh gar ann agus b'éígean do sa deireadh marghadh a dheánamh leis an ghabha agus thug sé spás seacht mbliadhna eile do ar an t-shaoghal do.Tháinig an diabhal an tarna h-uair nuair bhí na seacht mbliadhna thuas. Dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)