Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 418
- XML “Scéal fá dtaobh den Bhean a Fuair Nóta Punta Caillte”
- XML “Scéal - An Fear Amaideach agus an Fear Críonna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mhuic. Annsin chuaidh an mhuc thar an chlaidhe do'n mhnaoi agus fuair sí na bhaile roimh an oidhche.
- Bhí fear amaideach agus fear críonna ag siubhal an bheallaigh mhóir lá amháin. Dubhairt an fear amaideach leis an fhear chríonna. Caidé cinéal leabaidh a mbíonn tú do luighe uirthi. Dubhairt an fear críonna gur leabaidh chluimhrigh. Chuir an fear amaideach ceist air an bhfuil sé deas a bheith do luighe ar leabaidh chluimhrigh. Dubhairt an fear críonna nach rabh sé na luighe ar leabaidh ariamh comh deas léithe.
Lá amháin bhí an fear aimaideach ag siubhal amuigh ar an bhealach mhór agus casadh cleite air. Bhí luthghair mhór air, agus thug sé leis na bhaile í. Nuair a chuaidh sé na bhaile, d'fhág sé an cleite na luighe ar an urlár agus luighe sé air.
Nuair a d'éirigh sé ar maidin, bhí a chuid cnámha uilig nimhneach. Dubhairt sé is maith mar tá an mhuinntir a bhíos na luighe ar na céadtaí. Mise nach rabh na luighe ach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Fearraidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall