Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 434
- XML “Scéal - Seán Dick agus an Diabhal”
- XML “Scéal - An Fear a Chuaigh a Dhíol an Beathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní rabh i bhfad go bhfuair Seón bás agus chuaidh sé suas go dtí geaftaí an Fhlaithis. Bhí Naomh Peadar ann roimhe.
Dubhairt Peadar go gcaithfeagh sé a dhul síos no nach bhfuigheadh sé isteach. D'imthigh Seón síos ach ní leigfeadh na diabhail síos é. Annsin chuir Naomh Peadar pionus air go gcaithfeadh sé sapóg a bhíodh ar theine a bheith leis go deireadh an tsaoghail. Sin Liam na sapóige. - Bhí fear ina chomhnuidhe i Machaire-Rabhartaigh agus ní rabh de mhaoin shaoghalta aige acht sean bheathach bán. Lá amháin chuaidh sé chun an aonaigh a dhíol an bheathaigh. Bhí sé ar an aonach ó mhaidin go h-oidhche agus ní chuir aon duine ceist air cá rabh sé ag dul leis.
Ag teacht 'na' bhaile do d'ól sé a sháith agus chaill sé an beathach. Ar maidin lá thar na bhárach chuaidh sé a chuartughadh an bheataigh agus fuair sé na luighe ar thaobh an bhealaigh mhóir marbh é. Bhain sé an croiceann do agus chuir sé ar an taobh istoigh dé na chirteach [?] é agus dimthigh sé.
Casadh torradh air agus chuaidh sé go dtí an roilig leis. Indiaidh an corp a chur thoisigheadh ar a chaitheadh na cloiche [?]. Bhí an fear seo níos feárr no aon duine aca. Annsin diarr an cuid eile air an ceann a ba mhó a thiocfadh leis a chaitheamh. Bhí sean bean ag urnaighe ar uaidh an corp a cuireadh agus bhuail an í [?] agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall