Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann am amháin agus bhí mac duithe na shagart. Nuair a bhí seisean tamall fada a siubhal Tháinig sé agus d'iarr sé ar a mháthair dhul "chun an" Aifrinn gach Dómhnach agus cloch bheag a chaitheamh isteach i mobsca na mbocht agus dubhairt sé léithe mbur ndeánfadh sí sin go mbéadh fhios aige-san cá mhéad Dómhnach a raibh sé ar an Aifreann agus cá mhéad Dómhnach nach rabh.
Fá chionn tamaill na dhiaidh seo d'imthigh an mac araist agus rinne an mháthair mar d'iarr an mac uirthí. Bhí sí ag dul "chun an" Aifrinn gach Dómhnach agus ní bhéadh fhios aicí goidé an dóigh a b'feárr a bhéadh sí cóirigh. Tháinig Dómhnach amháin agus bhí sé iongantach mall nuair a d'éigih sí agus aicí le dhul chun an Aifrinn. (Ní) Chá dteárn sí acht a cuid sean éadaighe a caitheamh uirthí agus imtheacht léithe chomh gasta agus thiocfadh léithe. D'eist sí an t-Aifreann an Dómhnach seo chomh maith agus rith an ama eile a rabh sí ar an Aifreann níor éist sí le Aifreann ar bith.
Na dhiaidh sin ní bhéadh sí ar an Aifreann gach aon Dhómhnach agus ní bhéadh sí mall Dómhnach ar bith agus bhéadh sí chomh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall