Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 444
- XML “Scéal - Seán Amaideach”
- XML “Scéal - Diarmuid agus Siúbhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sí le biseach a fhághail, nuair a bhainfeadh, duine ar bith, gáire aistí.
Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneóig lá amháin, nuair a chonnaic sí Seán, agus an asál ar a dhruim leis. Thoisigh sí a gáiride agus fuair sí biseach.
Bhí luthgháir mhór ar an Rígh, nuair a fuair a n-igheann biseach. Sgairt sé ar Sheán, agus thug sé ór, agus airgead dó. Pósadh Seán, agus (n) inghean an Rígh, agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach. - Sgéal.“Diarmuid agus Siúbhán.
Bhí baintreach an uair amháin agus ní rabh aicí a mac amháin dar bainm Diarmuid bhí dúl mhór aicí ann shaoil sí na rabh bean ar bith i n-Éirinn maith go leór aige, dimthigh sí féin a chuartadh mná do, agus ba goirid go dtáinig sí aríst, agus cailín deas leithe le bheith na mnaoi ag a mac.
Ní rabh aon locht uirthí, acht go rabh sí rud beag simpliece, acht ní rabh fhios ag t-sean bhean seo. Pósadh i féin, agus Diarmuid, lá thar na bharach. I ndiaidh iad a phósadh, bhí Diarmuid ag obair amuigh ins an gharadh, agus chualaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Fharraigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall