Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 447
- XML “Scéal - An Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “An triúr mac”.Bhí triúr mac ann, aon uair amháin. Ars an chead fhear, go rachadh seisean agus go saothrughadh, sé a chuid airgead féin. Dubhairt sé leis an bheirt eile, nuair a gheobhadh seisean bás. Go mbéadh an tobar a bhí aca, uilig na fhuil.
D’imthigh sé. Nuair a bhí sé ar shiubhal bliadhain. D’amharc siad ‘sa tobar, agusa bhí sé uilig na fhuil.
Dubhairt an dara fear, go n-imtheochadh seisean agus go mbéadh an tobar uilig na fhuil an lá a gheobhadh seisean bás. Bhí sé ar shiubhal bliadhain, agus an lá seo, d’amharc an tríomhadh fear, ins an tobar, agus bhí sé uilig na fhuil.
Dubhairt an tríomhadh fear go n-imtheochadh seisean, agus d’imthigh. Thug sé leis builín, agus an chead oidhche, fuair sé lóistín ag cat. D’iarr an cat ar an fhear biadh a thabhairt dó. Thug sé buadh dó, agus chuir sé ceist air, cia-n áit a bhfuigheadh obair.
Dubhairt an cat leis go rabh caisleán le deánamh ag an Rígh, agus go gcaitheamh sé é a bheith deánta aige, i gcionn na bliadhna. Mar nach mbéadh go mbainfeadh sé an ceann dó.
Thoisigh an fear ar an chaisleán, agus i gcionn na bliadhna, bhí an caisleán deánta aige. Dubhairt an Righ, gur bhé an phaighe a bhí sé a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Giolla Chomhghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall