Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aráin dó fá choinne ar eagla go mbeadh ocras air na bhí giota fada aige le dhul, d’imthigh sé agus nuair a bhí sé ag (sé) siubhal an bealach seasagh air beirt fheidleóir agus d’iarr siad air dul an aithrighte ach dubhairt seisean nach rachadh agus d’imthigh sé leis go dtí go dtáinig sé go dtí teach beag agus chuaidh sé isteach a dheargadh a phíopa agus nuair a bhí sé tamall istoigh chonnaic sé gur bean óg agus seanduine a bhí istóigh agus smaointigh sé ar an dara comhairle, agus d’imthigh sé. Bhí an oidhche ag teacht air agus chonnaic sé cruach fhéir agus bhí sé ag dul a codhladh annsin go maidín.
Nuair a bhí sé tamall ins an cruaich mhothaidh sé fear agus bean ar an taobh eile d’en cruaich ag deanamh suas go marbhochadh siad an sean-duine agus go bhfacadh, ar an bheirt fhéidleóir a bhí istoigh é.
Bhí sgian ag an fhear seo agus pholl sé fríd an chruaich agus bhain sé píosa amach as cóta an fhir agus píosa eile amach as seal na mná. Annsin d’imthigh sé leis na bhaile agus nuair a shroich sé an baile bhí luthgháir mhór ar a mnaoi roimhe, agus rinne sí tae do agus nuair a bhí sí gearramh an bhuillibhín fuair sí tuarastal deich mbliadhna istoigh ins an bhuillibhín agus bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall