Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 475
- XML “Scéal - An Bhaintreach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus cuirfidh mé culaith pháipeáir uirthi.
D’imthigh an ghirrseach na bhaile, agus d’innis sí seo, dó á athair, agus pósadh an bheirt aca cupla lá indiaidh sin, agus bhí an leas-mhathair iongantach maith do an leas-inghean ar feadh tamaill.
Ins an deireadh d’éirigh sí olc duithe. Chuir sí an ghúna síoda ar a inghean féin, agus chuir an guna eile ar bhean eile. Bhéarfeadh sí uirthi gach aon rud a dheánamh, agus chuirfeadh sí amach i chruinniughadh sméara dubh í.
Lá amháin bhí sí amuigh, agus ní rabh sméara ar bith le fagháil aici. Ní rabh sí i bhfad go dtáinig sí fhad le bruach beag, agus chonnaic sí bóchog beag. Bhí trí fhear astoigh sa bhochóg, agus ní rabh siad a ghath níos mó, ná fód mónadh.
Chuaidh sí isteach, agus shuidh sí ar chathaoir. Diarr an chead fhear uirthi an t-urlár a sguabadh. Thug sí nidh dó, an nidh a bhéarfas, mise duit go mbéidh tú iongantach saidhbhir.
D’iarr an dara fear uirthi, móin a chur ar an teine, cuir, an nidh a bheárfas mise duit go bposaidh tú mac an Riogh.
Diarr an tríomhadh fear uirthi, pota uisge a chur síos, chuir, an nidh a bheárfas mise duit, go tú an ghirrseach as deise ar an domhan. D’amharc sí thart, agus chonnaic sí greasógaí, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall