Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eachtraí Sheáin agus Dhiarmuid.Bhí beirt dearbhráthacha ann uair amháin agus bhíeadar ina ndilleachtaidhe. Is é an tainm a bhí ortha Seán agus Diarmuid. D’imthigheadar lá amháin a shaothrughadh a gcodach. Rinne Seán fastach le táileár fá choinne bheith ag fuail. Rinne Diarmuid fastach le feirmeóir. Ní rabh aith ró maith aige agus bhí sé fá choinne é a fhagail agus d’iarr sé a thuarastal ar maighistir. Dubhairt an maighistir go dtabharfadh sé do é. Acht go gcaithfeadh sé dul amach na coille croibhe fá choinne sgaifte eallaigh.
Bhí fáthach mór ina chomhnuidhe ins an choillidh agus bhí an maighistir ag deanamh mairbhfheadh sé é agus nach mbhéadh tuarastal ar bith aige le tabhairt do.
Nuair a bhí Diarmuid réidh le imtheacht cuir an t-seán-bhean ceist air goidé a bearfadh sé leis fá-choinne lóin. D’iarr sé méigheadh agus gruth. Fuair sé sin agus d’imthigh sé.
Nuair a croich sé an choilleadh chonnaic sé an fáthach agus chuaidh sé suas ar crann agus thug sé leis suas cloch gorm agus thoisigh sé ag leigint do’n méigh agus dó’n ghruth tuiteam anuas. Nuair a tháinig an fáthach go bun an chrainn rinne sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Giolla Easbuig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall