Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug siad leobhtha é. Chuir siad isteach i mála é. Thug siad leobhtha é, fá choinne é a bhaitheadh. Acht nuair a tháinig siad go dtí an chead teach leana, chaith siad an mála síos, ar thaoibh an bhealaigh mhóir, agus chuaidh siad isteach. An fhad agus bhí siad astoigh, tháinig fear thart agus an iomad callaigh leis. Chuir sé ceist air, caidé a bhí sé a dheánamh annsin, agus dubhairt seisean go rabh doigh bhreagh air.
D’fiafruigh fear an eallaigh dó, an leigfeadh sé isteach eisean, ins an mhála, agus dubhairt seisean maith go leór.
Thug sé leis an-t-eallach agus d’imthigh leis, agus chuaidh an fear eile isteach ins an mhála. Nuair a tháinig an mhuinntear a bhí astoigh amach, shíl siad gur fear ná fídeóige a bhí leo, rith na h-ama agus thug siad leo é, agus bhaith é.
Tamall na dhiaidh sin, casadh an dá fhear ar fear na fideóige, d’fiafruigh siad do, goidé an doigh a dtáinig sé as an fhairrge. Dubhairt seisean an áit, ar chaith siad amach é, go rabh saidhbhreas an domhan ann, agus go bhfuair seisean cuid mhór eallaigh ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghiolla Chomhghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sighle Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall