Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 518
- XML “An Fear agus na Robairí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)béidh giota óir annsin fá do coinne.
Thug an fhear buidheacas díte agus dubhairt sé leis féin, má tarluigeann seo uilig beidh sé ina rud breag agam. D’imthigh sé leis, agus nuair a cuaidh sé giota maith connaic sé crann agus scaifte eanacha air, agus cloca aca. Scaol sé leobhta agus d’imthigh siad uilig acht ceann amhain a tuit marbh agus tuith an cloca fosta. Rinne an fear mar d’iarr an t-sean bean air. Thug sé leis croidhean éin agus an clóca, agus d’imthigh leis chun an baile.
Ar maidin lá thar na barach thainig sé go dtí an crann agus fuair sé giota maith óir, agus geobhach sé an t-ór gach uile mhaidin faoi an crann, agus ins an deireadh bhí crap mór óir aige. Lá amhain dubhairt sé leis féin ta neart oir agam anois. Imtheachaidh mé liom frid an tír. D’fhag sé slán ag a cuid daoine muintearda, agus d’imthigh leis. Ins an deiread casadh isteach fríd choillidh é, agus istoigh i lár na [coillidh]? bhí caisleán deas ann, agus bí bean uasal, agus sean bean annsin ag amarc uatha. Chonnaic siad an fear seo, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhuibhir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Níal Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall