Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 551
- XML “Scéal Pisreogach”
- XML “Scéal Pisreogach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhnaoi ag dul a bleaghan ní rabh deór air bith bainne aicí.
Chuir an mhnaoi ceist air an fhear caidé tháinig ar an bhó agus dubhairt seisean nach rabh fhios aige. Dubhairt sé nach dteachaidh sé acht giota de’n bhealach agus go rabh fear ina ina sheasamh ag cainnt leis agus d’innis díthe caidé an t-iongantas mór a rinne sé dé’n bhó agus dubhairt sí leis gur droch amharc a rinne a fear uirthí. - Sgéal. PisreógachBhí bean ann am amháin agus ní dheánfadh dath ar bith maith dithe go rachadh a fear amach a iasgaireacht. An trátnóna a bhí ann an lá seo, agus d’imtigh (séo) an t-athair agus a bheirt mhac amach a iasgaireacht agus ní rabh istigh a an bhean ag coimheád an toighe. Ní rabh siad abhfad amuigh gur eirigh an fharrige iongantach garbh, agus d’éirigh an gaoth mhór.
Bhí an mnaoi istigh agus is é an áit a rabh na cearca aicí thíos i gceann an toighe. I dtráthaibh an dó dhéag a chlogh san oidhche rinne an chearc sgairt. Thóg sise fód mónadh agus chrag(leanann ar an chéad leathanach eile)