Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag isteacht leis. Nuair a chuaidh sé a luighe an oidhche sin bhi gliodai beag na luatha i n-a suidhe cois na teineadh. Nuair a thuit Tomás i n-a codladh d'éirigh sí agus chuaidh fhad leis agus gheárr sí a sgeadamán. Baineadh cúiteamh an chait as Tomás Mór.
- Bhi Íosa agus Naomh Peadar ag suibhal amuigh le chéile lá amháin agus nuair bhi siad agsiubhal tamall tháinig ocras ortha. Bhi ceapaire beag le Peadar i n-a phóca ach ní rabh sáith beirte ann agus bhi an sruth pislín ag reathaigh le n-a chuid fiacal ag smaoitiu ar an cheapaire mhilis a bhi i n-a phoca. Thoisigh sé a 'suibhal cupla coiscéim ar chúl Íosa ag cur i gcéill gur tuirseach a bhi sé. Le sin chuir sé plaic de'n cheapare i n-a bhéal ach labhair Íosa leis agus béigean dó an phlaic a chathamh amach. Aca'n am a gcuirfeadh sé greim i n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gabriel Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Nic a' Bháird
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17