Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé a dtiocfadh leis a rádh "an cinnte bhfuil seo amhlaidh?"
"Tá sé amhlaidh", arsa an t-éan "agus sin iad do bheirt mhac agus do ingean annsin a'cainnt leat".
"Reidhteochaidh mise mo bhean go mórán moille", arsa mac an tíghearna. "Agus gheobhaidh sí a rógha breitheamhnas a thabhairt ar an deirbhshiur mhid-nádurtha a bhi i n-a cionntuigh le oiread buadhartha agus briseadh croidhe a chur uirthí".
Réidhtigh sé a bhean comh luath agus phill sé ar an bhaile agus 'sé an breitheamhnas a thug Cláiríneach na Luatha ar an deirbhshiúr an chuid eile de n-a saoghal beatha a chathamh i ndorchadas an toighe i n-ár chaith sí féin seacht mbliadna fada.
D'fhág mac an tíghearna a n-árus féin agus rinne siad cómhnuidhe le n-a mbeirt mhac agus a íngin dílis 'san áit a b'ailne agus a ba shona ar druim an domhain mhóir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meadhbh Ní Gabhainn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77