Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sí annsin leis da mbíodh a fhios aige cen t-ainm a bhi uirthí nuair a bhéadh an gréasan deánta aige go bronnfadh sí an gréasan air na páistí. Oidhche amháin bhi fear ag dul thrt le binn agus é ag tarraingt ar theach an fhigheadóra agus chuala sé callán istigh san bhinn agus bean agus í ag ceól. Dubhairt si "Nach beag a shileas fear an toighe sin thíos gur "Siosruigh Labhraidh" m'ainm-se."
Chuaidh an fear seo isteach go toigh an fhigheadora agus d'innis sé caidé chuala sé. "Is maith liom sin a chluinstean." arsa'n figheadoir. "Maram gur sin an bhean a thug mála an t-snáth domhsa."
Nuair a tháinig sise fa choinne an ghréasan chuir sí ceist air an rabh fhios aige a h-ainm. D'innis sé díthe agus "sé dubhairt sí leis "Na bac le fear na fideóige. Is é a d'innis m'ainm-se duit." - Bhi fear ann fa o shoin agus rinne se mealdar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Giolla Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall