Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 306
- XML “Lúrapóg Larapóg”
- XML “Crugaide Cragaide”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtarradh sé go dtí 'plaic'. Ca bith duine a dtitfeadh an focal deireannach ar a chois, chaithfeadh sé an chos sin a tharraingt isteach faoi. Rachadh an cleas ar aghaidh go dtí nach mbéadh sínte amach as ach cos amháin. Ca bith duine é sin cuirfish dallóg air agus rachadh an chuid eile uilig i bhfolach. Annsin chuartochadh an té bhi dallta iad.
- Crugaide, cragaide lár mo dhroma-sa lár do dhroma-sa. Ca mhéad méar ar bhocaide-boc.
Cleas é seo a d'imrimis nuair a bhi mé i mo ghasúr. Chromfadh duine amháin agus sheasochadh duine eile as a cheann agus déarfadh sé an ramas, agus é ag bualadh buille idir an dá shlinneán ar an té bhí crom le gach truime sa ramás. Annsin d'fhosgladh sé a dhorn agus shíneadh i n-áirde méar no dhá mhéar(leanann ar an chéad leathanach eile)