Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 309
- XML “Cleas an Chnaipe”
- XML “Cleas na Slise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agam. Is fiú na céadta mílte puinnt é."
D'fhíafrochadh an fear a bhí ar a ghlúine. "An síoda, na sról no ball cailín óig é?"
D'freagrochadh an fear eile.
"Tá sé i n-a shíoda, a's in-a shról agus i n-a bhall cailín óig (ma ba le cailín é) " agus i n-a bhall buachaill oig" (mas ball buachalla é) "Caidé an pionus a chuirfeas tú air?"
Cuirfeadh an fear a bhí ar a ghlúine pionús ar an duine ar leis an geall. Bhéadh aige le rud éigin a dhéanamh nach dtaitneochadh leis go ró mhaith go minic, mar a bhróga a bhaint dó, duine eile a phógadh sr; Mar gcuireadh sé dó an pionus ní bhfuigheadh sé an geall. - Seo cluiche a bhíthear a imirt go minic ins na Rosaibh san áit ar tógadh mé nuair a bhí mé i mo ghasur. Bhi sliseóg adhmaid tuairim ar throigh ar fad agus smíste agus cnag "guttie" a dhith leis an chleas seo a imirt. Dhéanfadh duine de'n(leanann ar an chéad leathanach eile)