Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 313
- XML “Seanleigheastaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-uisce faithní acht duine an turas a dhéanamh. Cuid a deir nach bhfuil urnaighthe speisialta le rádh, acht cluinim uad chailín beag ar an sgoil agam annseo dar b'ainm dí Anna Ní Fhuaruisce gur innis aintín a mháthara Bríghid Ní Fhuaruisce as Cill Ulta sí gur cúig paidreacha agus cúig abha Maria a bhí le rádh agus do lámha a thomadh trí h-uaire ins an uisce. Fuair Bríghis bás anuraidh i gcionn a ceithre sgór bliain. Sé an dóigh a ndeántar an turas, cuairt a thabhairt ar an tobar trí luan indiaidh a cheile la h-éirge gréine. Paidreacha a rádh agus na faithní a nighe as an uisce. Ina dhiaidh sin bréid de do chuid éadaigh a fhágail ar géag de'n tor atá os cionn an tobair.
Lorg chruinn i gcloich atá ins an tobar seo agus rud iongantach i n-a thaoibh nach bhfuil silteán ar bith a teacht isteach ann agus go bhfuil uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)