Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 169
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireas an sgeal seo a leanas ó
Seán Ó Gallchobhair
Mín-na-Lárach
Tá sé 76 bliadhain de aois.
Lá amháin bhí beirt fhear ag iasgaireacht ag taobh locha. Nuair a bhí siad tamall ag iasgaireacht thuit fear acu amach ins an loch. …an fear eile amach a shlat le h-é breith uirthí agus caidé rinne an dubhán acht a dhul I bfastód i n-a shúil. Tháinig sé go bruach agus ba h-é an cheud rud a rinne sé an…aighead a thabhairt do’n fear a shábhail é, cionn ‘s gur chuir sé an dubhán i n-a shúil.
Bhí go maith go dtáinig lá an dlighe. Bhí gach uile dhuine cruinn i dtoigh na cúirte. Níor socruigheadh an cheist an ceud lá nó an dara lá nó an treas lá. Bhí fear amháin ann agus thigeadh sé go teach na cúirte gach lá a d’éisteacht. Nuair a théigheadh sé abhaile chuireadh a bhuachaill aimsire ceist air ar socruigheadh indiu é. Deireadh seisean nár socruigheadh.
Bhal, thig liomsa é a socrughadh. Má thig bhéarfaidh mise liom go toigh na cúirte thú amárach, agus thug. Nuair a shroich sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall