Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 188
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imthigh Domhnall mór le rása ag tarraingt
ar an loch. Shiubhail sé leis ar shuaimhneas
amach acht nuair a bhí sé ag tarraingt ar an
dubhachán báitheadh é. Annsin d'imthigh
Domhnall beag na bhaile agus chaith saoghal breágh socalach.
Peadar Ó Briain, Ardaidh Bhig,
Gort-an-Choirce, Tír Chonaill.
Brian Ua h-Arlaí, Ardaidh Bhig,
Gort-an-Choirce, Tír Chonaill. - Scéal Grinnlá amháin bhí dhá gharsún ag imirt cnaipí.
Nuair a stad siad bhí cuid mhór ag fear aca
níos mó 'na an fear eile. `Siubhal,' ar
seisean, `agus rannfaidh muid iad ar an
taoibh istigh de bhalla na roilige.' Acht
nuair a bhí siad ag dul thar an bhalla thuit
beirt de na cnaipí uatha acht níor thóg siad
iad. Thoisigh siad a rannt agus seo an rud
a bhí siad a rádh ar feadh an ama, `Ceann
damh-sa, ceann duit-se, ceann damh-sa, ceann duit-se.' San am cheudhna, bhí fear ag dul thart ar an taobh amuigh agus chuala sé an chainnt seo. Scannruigh sé agus d'imthigh sé i n-a rith agus é ag sgairtigh ag iarraidh cuidighthe. Casadh fear air agus chuir sé ceist air caidé a bhí cearr leis, Ó tá,' ar seisean `chuala mé Dia agus an diabhal ag rannt anamnacha na
ndaoine ar an taobh istuigh de bhalla na roilige,' `Tá deireadh an tsaoghail ann,' ar
seisean. `Siubhal go bhfeicfidh mé,' arsa an fear eile. D'imthigh siad agus nuair a shroich siad an áit, shuidh siad síos a dh'éisteacht. Nuair a bhíodar tamall ann dubhairt fear dá raibh ar an taobh istuigh: `Agus caidé fá dtaobh de'n bheirt atá ar an taobh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Géidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall