Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 191
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eibhlín Ní Chanann, Machaire- Rabhartaigh, Gort-an- Choirce
Eibhlín Ní Gaothcháin, Machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce, Tír Chonaill - SgéálBhí beirt ann aon uair amháin a rabh (bhean am) beirt ingeach aici. Bhí an mháthair go maith do dhuine aca acht ní rabh meas ar bith aici ar an chailín eile.
Chuireadh sí amach chun na chnuic í gach lá a bhuachailleacht caorach agus ní chuireadh sí léithe acht giota beag aráin choirce, agus braon beag uisge, Bhíodh an mháthair go maith do an chailín eile agus ní raibh d'fhiachail uirthí aon nídh do dheánamh. Bhí sealbhán mór caorach le coimhéad ag an chailín eile Ina measg bhí caora dhubh a raibh fios mór aicí. Gach lá d'iarradh an chaora dhubh ar an chailín seo a h-adharc do chasadh agus nuair a chasadh thiocfadh tábla mór aráin amach ar an talamh agus d'íosfadh sí a sáith. Nuair a chonnaic an mháthair nach rabh an cailín bocht seo ag meath a dhath tháinig iongantas mór uirthí, agus lá amháin d'iarr an mháthair ar an inghean bhródamhail seo a ghabháil suas go dtí an áit a rabh an cailín bocht agus a ghabháil i bhfolach i gcúl ardáin go bhfeicfeadh sí caidé an dóigh a rabh sí ag fagháil an bhidh a bhí a congbháil beo. D'imthigh an inghean bhródamhail léithe agus nuair do bhí sí ag teacht deas de'n áit a rabh an cailín eile chonnaic an chaora dhubh í agus thoisigh sí a shéideadh ceo amach as an adhairc agus b'éigean de'n chailín bhródamhail a theacht anuas 'na bhaile aríst. Oidhche amháin bhí damhsa le bheith san áit agus d'imthigh an mháthair aghus an cailín eile chuige. D'iarr an mháthair ar an chailín bheag seo fanacht istoigh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall