Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 198
- XML “Longbhriseadh Eile”
- XML “Longbhriseadh Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Wasp ag teacht aniar ar aghaidh Toraighe tamall fada ó shoin. Saighdiúirí uilig a bhí uirthí. Aimsear dheas ann fá mhí Deiridh Fhoghmhair agus na daoiní uilig ag baint na bpréataí. Tháinig ceo uithí agus i lár na h-oidhche cuireadh isteach ar chreagacha Thoraighe í. Briseadh uilig í agus fágadh an chuid díthe sna creagacha. Thiomáin an fhairrge na saighdiúirí gach bealach. Sábháladh ceathrar aca agus fuairtheas an chuid eile fá na cladaigh. Cuireadh cuid aca i roilig na gCrosbhealach agus cuireadh an chuid eile siar. Bhí dhá phunta le fághail ag duine ar bith a gheobhadh corp aca.
- Tháinig long isteach ar an bhaile seo am. An 'Beicliú' a b'ainm dí. Tháinig sí ó Mheiriceá acht tháinig stoirm uirthí agus cuireadh suas ar an ghainimh ar an Chlochán í. Fuair na fir ar shiubhal díthe agus tháinig siad aníos go dtoightibh an bhaile agus fuair siad lóistín.
Gach lá théigheadh siad féin agus muinntir an bhaile síos le na cur ar an fhairrge acht ní raibh siad ábalta. Fear ar bith a chuideaochadh leo gheobhadh sé páighe. Chaith sí trí bliadhna sa ghainimh ar Maghbille. D'fhág sí annsin acht chuaidh sí ar na creagacha.- Bailitheoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall