Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 199
- XML “Long Eile a Briseadh”
- XML “Long Eile a Briseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí soitheach éadaigh ag teacht aniar as na h-Oileáin Thiar aon uair amháin tá fiche bliadhain ó shoin. Bhí ceo ar an fhairrge agus bhí sé i ndoimhneacht na h-oidhche. Nuair a bhí siad fá dhá mhíle de Oileán Thoraighe, dubhairt fear de na seolteóirí leis an chaiftín go bhfacaidh sé talamh, agus d'iarr sé ar an chaiftín tarraingt suas. Níor labhair an caiftín nó duine ar bith eile. Nuair a tháinig siad níos deise de bhaile, de OIleán Thoraighe, labhair an seoltóír aríst, acht ní luaithe bhí na focail ráidhte aige nuair do bhuail an soitheach suas i n-éadan binne.
Cuireadh an maide tosaigh isteach fríd an bhinn agus rinneadh dhá chuid de. Briseadh taobh an t-soithigh agus thoisigh an t-uisge a theacht isteach. Thoisigh na seoltóirí a ghabháil an-áirde acht ní rabh maith ann. Chaith siad uilig díobh a gcuid éadaigh agus amach san fhairrge leo. Chuaidh fear amháin le léim sa bhinn agus sábháladh é sin. Báitheadh dhá fhichead agus ocht gcloigne uilig.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Cailleadh an "Fair Home" i n-oileán Dúithche i dtrathaibh na bliadhna 1881. Sábháladh cúig cloigne agus cailleadh an chuid eile.