Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 202
- XML “Fear Eile a Báitheadh”
- XML “Fear Eile a Báitheadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaith siad díobh a gcuid éadaigh agus amach leo. Nuair a bhí siad amuigh tamall tháinig siad isteach aríst.
Ní luaithe bhí siad istoigh nuair a dubhairt fear aca leis an fhear eile, “Rachfaimid amach aríst.” Dubhairt an fear eile nach rachadh sé leis. Sa deireadh d’imthigh sé féin amach agus d’fhan an fear eile istigh. Nuair a bhí sé tamall amuigh thoisigh an sruth a bhreith air agus thoisigh seisean a imtheacht leis an t-sruth. Arsa seiseann leis an fhear do bhí istigh. “Tá tusa astoigh agus tá mise amuigh,” fá dheireadh d’imthigh sé as amharc agus báitheadh é. Tháinig an fear eile aníos ‘un an bhaile agus d’innis sé fa’n tubáiste. Chruinnigh cuid mhór daoine thart fa’n áit. Sa deireadh chonnaic duine aca corp an fhir a báitheadh ag snámh ar bharr na fairrge. Thugadar leo bád agus amach leo acht ní rabh sé le feiceáil thíos nó thuas acú. Ní b’fuarthas a thuairisc ariamh. - Báitheadh fear i gCill Ulta tá cúpla bliadhain ó shoin. Deirtear go raibh sé ag baint feamnughadh, ach nuair a b’fhada le na mhuinntir gan é a theacht isteach, chuaidh siad ghá chuartughadh. Fuair siad báidhte é fá thuairim céad slat ó’n teach. Mheas siad gur’bh é féin a bháith é féin. Thugadar abhaile é annsin agus cuireadh é cúpla lá ‘na dhiaidh sin.
- Bailitheoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83