Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DóghadhBhí seanbhean agus seanduine in-a gcomhnuidhe thiar ina na "Beanna Gorma" aon uair amháin tá ceithre fichid bliadhain o shoin. Ba ghnáthach leo a bheith amuigh fríd na toighibh gach aon oidhche ag cuartuigheacht go h-am luighe. Bhí sean-gabha ag gabháil thart fá'n am agus é ag creach agus ag cuartughadh airgid. Bhí lann speile agus buideál ola agus cipíní leis. Agus teach ar bith nach dtabharfadh a mhórán nó a bheagán dó ní rabh sé i bhfad le bheith beo.Aon oidhche amháin casadh an t-seanbhean agus an seanduine air indiadh a bheith ag cuartuigheacht. Chuir sé ceist ar an t-seanduine cá rabh sé i n-a chomhnuidhe. D'innis an seanduine dó. Chuir sé ceist air an rabh sé saidhbhir. Dubhairt an seanduine nach rabh. Lean said leo agus an gabh 'na ndiaidh. Luigh sé amuigh i gcúl an toighe an oidhche sin agus chuir sé lasair san teach ar maidín an lae thar na bhárach agus dóigheadh an teach agus an bheirt acú.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Thuas annsin ar an Bhealtaine a dóigheadh an teach seo. An lá seo bhí an mháthair ar thórramh agus bhí an t-athair in Albain. Ní rabh sa teach ach na páistí. Bhí duine aca sé bliadhna déag agus bhí sé na luighe, nó bhí sé i n-a shuidhe ar an fhaire an oidhche sin. Acht bhí siad ag imirt báill fríd an teach, acht sa deireadh d'imthigh an báll siar faoi an leabaidh. Sa deireadh thug(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ni Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall