Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Pháidín. Éamonn Mac Pháidín agus Seán Mac Fhionnlaigh, a n-ainmneacha.Níl mórán fóthracha toighe ar an bhaile seo anois. Ba ghnáthach le cuid mhór de mhuinntir na h-áite dul go Ameriocá ins an am a chuaidh thart. Tá talamh maith i n-áiteacha ar an bhaile agus i n-áiteacha eile tá sé iongantach cnocach. Níl a dhath de thalaimh an cheanntar fé choillidh. Níl a dhath fa dtaobh de'n bhaile sgríobhtha i n-amhrán nó i ndán ar bith. Níl abhann nó loch ar bith ins an bhaile. Tá go leór srúthán beag ag dul fríd an bhaile agus agu dul amach ag an tráigh. Mac Fhionnlaigh an sloinneadh is coitcheannta ar an bhaile agus cloinn Ui Ghallchobhair an dara sloinneadh is coitcheannta. Níl móran sean-duine ar an bhaile a dtig leo Béarla a labhairt. Tá go leór daoine as an bhaile seo thall i Americá. Tá duine as gach teach dá bfuil ar an bhaile chóir a bheith thall i Americá. Eibhlín Ní Chanann,
Machaire-Rabharthaigh,
Gort-an-ChoirceDomhnall Mac Grianna,
Machaire Rabhartaigh - Tá mé mo chomhnuidhe ar an Árdaidh Bhig i bparóiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh atá i mbarúntacht Chill-Mhic-Éanain. Tá slinn ar an chuid is mó de na toighthe san áit. Níl acht corr teach a bhfuil tuighe air. Mar go rabh na daoiní na gcomhnuidhe sna' sléibhte chongbhuigh siad an Ghaedhilg beo agus níor leig dí bás fhágháil. Ní rabh eólas ar bith aca ar an bheurla agus chuidigh seo go mór leo leis an ghaedhilg a bheith aca anois. Tá trí seanduiní ar an bhaile thar seachtmhó bliadhain d'aois. Thig leósan go leor sgéalta a innse i nGaedhilg acht ní thig leo acht an fíor bheagan a innse i(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hArlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall