Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 221
- XML “Stoirm Eile”
- XML “Stoirm Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith leis an áit sin. Níor fhan punann indiaidh an phunann eile nó go deachaidh treasna na trágha agus amach thall ins an fhairrge. Bhí féar tirim bainte ag triúr fear ar an bhaile. Rinneadh rollóg de'n méid a bhí ann agus d'imthigh sé leis an ghaoth agus (d'imthigh sé leis a) ní rabh greim de le fághail lá thar na bhárach. Ní rabh comhartha ar bith ann go rabh an stoirm le theacht. Thoisigh sé tráthnóna go luath agus níor stad sé nó go rabh sé indiaidh clap-sholuis. Níor cailleadh eallach nó ainmhidhthe ar bith mar sin mar go rabh siad uilig istuigh ins na bóithigh. Níor cailleadh daoine ar bith thart ar an chósta seo acht báitheadh go leór ar chósta na h-Alban an domhnach ceudna. D'imthigh an ceann de chupla teach ar an bhaile mar nach rabh siad ceangailte ró-mhaith. Toighthe úra a bhí i gcuid aca fosta Stróc agus rois an ghaoth mhór cuid aca fosta agus na crainn-aiteann agus crainn eile fosta. Bhí stoirm mhór eile ann seal bliadhantach ó shoin acht níl cuimhne ag aon duine de na seanduiní uirthí.
- Stoirm eileAr an dara lá d'eanair, ins an bhliadhain 1882 bhris stoirm mhór amach . Bhí bád na h-Alban ag dul trasna agus bhí losta caorach uirthí. Cailleadh na caoirigh agus an caiftín. Ins an am sin ní raibh ar an bhaile seo acht toighthe cionn tuighe. Bhí gach duine amuigh ag cur rópaí, agus túrtóga ar a thig fhéin.Bhí cuid acú ag siubhal ar a gcosaibh agus ar a lámhaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall