Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 234
- XML “Póstaíocha”
- XML “Cuntas Eile fá Phóstaíocha”
- XML “Fir Cháiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acú a tharraingt aníos as an bharraile.
- Cunntas eile fá phóstaidheacha.
Lánamha ar bith a phósfar oidhche Mháirt-na-h-Inide mara ndóirtear fuil éan éigin an oidhche sin go mbídh siad dileóu[?] a choidhche. Tá sin ráidhte. Gheibheadh an bhean mar spré fadó fiche púnt de airgead, cupla caora agus bó nó beirt agus ba cheart do'n mháthair eudach-leaptha a thabhairt díthe. Ta sé ráidhte n'ár cheart d'on fhear an bhean a fheiceal ó oidhche an dála go lá an phósta. Bhíodh an bean cóirighthe i gculaith ghlas caorach nó mainte "Caimlit". Bhíodh na fir cóirighthe i gculaith bhainín bhrocaigh. Tá céad bliadhain ó shoin bhíodar ghá bpósadh ins na toighthe. Bhíodar dá bpósadh gan bróga fadó acht nuair a thoisigh siad ghá gcathadh chaithfeadh an greusaidhe a theacht chun an toighe agus iad a dhéanamh. Ba ghnáthach leis an cailíní eudach iasachta a bheith ortha mar go rabh siad ag rádh go rabh ádh ann. Bhí sé de ghnás fadó bunnóg aráin choirce a bhriseadh ar cheann na mná a phósfaidhe agus is an cheád bhaithteoir a ba cheart é a dhéanamh.- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Áodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Fir Cháileamhla.Bhí fear d'arbh ainm Tomás mac Suibhne i n-a chomhnuidhe " Faoi Chnoc" (" Knockfola") agus bhí sé iongantach maith ag siubhal. Nuair a bhíthear ag deánamh an bhóthar iarainn ó Dhoire go Ailt-an-Chorráin [?](leanann ar an chéad leathanach eile)