Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 237
- XML “Fir Cháiliúla”
- XML “Fir Cháiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shíl sé nach rabh aoinne ag cur suime i na chuid damhsa agus siúd suas ar an tábla é. Is annsin a thoisigh an damhsa daríribh aige acht ní rabh i bhfad go rabh sé féin agus an tábla aniar i lár an toighe. Chuir sin an oidhche síos agus suas.
- Fir Cháileamla.
Bhí fear istigh i dToraigh aon uair amháin agus deirtear ná'r sheasuighe sé ar thalamh Thoraighe ariamh aon duine a bhí comh fíreannach; ionnraice leis. Níor mhaith leis aon leathphighinn a bheith ag duine ar bith air nó aon leithphighinn a bheith aige féin ar aoinne. Ba ghnáthach leis a bheith ag teacht amach go Tír Mór, a dhíol éisg agus is iomdha duine a gheibheadh iasg uadh nach mbiodh ábalta díol ar a shon ins an am sin. Acht bhíodh siad aige uilig ar bhárr a chuid méar, an méid daoine a rabh airgead acú le tabhairt dó. Acht dá mbíodh aon leithphighinn amháin ag duine thiar ins na Gleanntaí air, theigheadh sé siar go ndíoladh sé é, agus is iomdha uair a chuaidh. Aon uair amhain bhí sgilling aige ar fear as "Bun-an-Inbhear" agus chuaidh an duine bocht san uaigh. Acht ba chuma cé a dhiolfadh é. Bhí aonach thuas i nGort-An-Choirce lá amháin, agus tháinig sé amach go dtí é. Cé bhí thuas ar an aonach an lá seo, acht bean an fhir a rabh an sgilling aige le tabhairt dó. Thug sé fá dear í agus anonn leis fhad léithe, agus dubhairt sé."Bhí sgilling ag d'fhear-sa le tabhairt damh-sa, de thairbhe éisg aon uair amháin, agus tá fhios agam-sa go bhfuil an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall